Back to search

Léachtóir Le Gaeilge

EUR 65,552 - 104,573

Ready to Apply?

Click below to visit the application page

Job Description

Fáilteofar roimh iarratais do cheapachán mar Léachtóir le Gaeilge, Conradh Sainchuspóra  (Saoire Mháithreachais), 1 FTE in Ollscoil na Gaillimhe, ag tosú an 14ú Meán Fómhair nó chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin. Beidh an duine a cheapfar ina chomhalta de Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr. Roinn bhisiúil í Roinn na Gaeilge atá tiomanta don sármhaitheas sa teagasc agus sa taighde i réimsí éagsúla de Léann na Gaeilge ó luath-thréimhse go dtí an ré chomhaimseartha. Tá scoláire cumasach, fuinniúil á lorg i réimse na Nua-Ghaeilge. Cuirfidh an té a cheapfar le cláir theagaisc agus thaighde na Roinne, idir chláir Ghaeilge agus chláir idirdhisciplíneacha i gcomhpháirt le comhghleacaithe san Ollscoil. Tacóidh teagasc agus taighde an té a cheapfar le cur i bhfeidhm straitéis Roinn na Gaeilge mar a bhfuil béim ar na mórthéamaí seo a leanas: an chruthaitheacht; an inbhuanaitheacht; an chomhpháirtíocht. Chuige sin: •         Beidh dochtúireacht sa Ghaeilge, nó i réimse comhionann, ag an duine a cheapfar, chomh maith le taithí ar theagasc. •         Beidh an duine a cheapfar in ann an Ghaeilge a theagasc, lena n-áirítear teanga, litríocht agus cultúr, i réimsí taobh amuigh dá speisialtóireachtaí féin, ar chláir fhochéime agus iarchéime i Roinn na Gaeilge. •         Beidh an duine a cheapfar in ann gnáthobair riaracháin a bhaineann leis an ábhar agus le Roinn na Gaeilge a chomhlíonadh. •         Beidh an duine a cheapfar in ann dualgais uile an phoist a chomhlíonadh i nGaeilge agus i mBéarla. Tá eolas faoi Phlean Straitéiseach na hOllscoile le fáil ag:  Strategy | Straitéis 2025-30 - University of Galway Chun an folúntas a phlé go neamhfhoirmiúil, déan teagmháil leis an Ollamh Rióna Ní Fhrighil, Ceann Roinn na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe. Ríomhphost riona.nifhrighil@ollscoilnagaillimhe.ie  +353 (0)91 492585 Tuarastal: €65,552 to €104,573 sa bhliain pro rata (in fheidhme maidir le hiontrálaithe nua le héifeacht ó Eanáir 2011) agus de réir théarmaí agus choinníollacha Pholasaí Luacha Saothair na hOllscoile. Déanfar an ceapachán seo ar scála Léachtóra i gcomhréir le polasaí pá reatha an Rialtais agus de réir théarmaí agus choinníollacha Pholasaí Luacha Saothair na hOllscoile. https://www.universityofgalway.ie/media/financialaccounting/financialaccountingoffice/QA321-Remuneration-and-Payroll.pdf Ní mór iarratais a bheith faighte faoi 17:00 (Am na hÉireann) an 27 Lúnasa 2026 . Ní fhéadfar iarratais a gheofar tar éis an spriocdháta a bhreithniú. D’fhéadfadh grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána a bheith le déanamh. Beidh ceapacháin ag brath ar údarú oibre a bheith bailí. Tá tuilleadh sonraí le fáil ar www.dbei.ie Chun tuilleadh eolais agus Foirm Iarratais a fháil, féach ar an láithreán gréasáin: Poist - Ollscoil na Gaillimhe Ba cheart iarratais a dhéanamh ar líne . Tabhair faoi deara go mbraithfidh ceapachán i bpoist atá fógartha ar fhaomhadh ón Ollscoil, agus ar théarmaí an Chreata um Rialú Fostaíochta don earnáil ardoideachais. Is fostóir comhionannais deiseanna í Ollscoil na Gaillimhe.

About This Position

What does this position pay?

The advertised salary for this role is EUR 65,552 – 104,573. The final offer within the band depends on qualifications and experience, as set by University of Galway / Ollscoil na Gaillimhe's enterprise agreement.

Where is this position based?

The position is based at University of Galway / Ollscoil na Gaillimhe, in Léachtóir le Gaeilge, IE. Check the job description above for flexible or hybrid arrangements.

How do I apply for this job?

Click the Apply button on this page — it takes you to University of Galway / Ollscoil na Gaillimhe's official application portal, where you submit your application directly to the university. Tenurify only aggregates the listing and never handles applications or charges candidates.